Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe

Fógra Príobháideachta

Ráiteas Príobháideachta

Comhairle Chontae na Gaillimhe

Fógra Príobháideachta maidir le Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe

Is fógra príobháideachta é seo arna eisiúint ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Gaillimh (“GCC”, “muid”, “ár”).

Is éard atá i gceist le Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe 2018 (an “N6 GCRR”) ná mótarbhealach agus bóthar cosanta a thógáil chun brú tráchta a mhaolú i nGaillimh. GCC atá ag tabhairt faoin N6 GCRR thar a cheann féin agus thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Is é is cuspóir leis an bhfógra seo tú a chur ar an eolas maidir leis na sonraí a d'fhéadfaimis a bhailiú uait agus a úsáid i ndáil leis an N6 GCRR agus an úsáid (nochtadh chuig tríú páirtithe san áireamh) a d’fhéadfaimis a bhaint as sonraí den chineál sin.

Sa chás go mbeadh aon cheist agat maidir leis an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag dpo@galwaycoco.ie

Sonraí Pearsanta a Bhailímid agus a Phróiseálaimid

Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat a chuireann tusa nó daoine eile ar fáil dúinn i dtaca leis an N6 GCRR. Bailímid agus próiseálaimid sonraí pearsanta a bhaineann leat ó fhoinsí eile atá ar fáil go poiblí - Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas mar shampla.

D’fhéadfadh na sonraí seo a leanas a bheith i gceist i sonraí pearsanta:

  • d’ainm agus do shonraí teagmhála, do sheoladh agus d’uimhir teileafóin agus seoladh ríomhphoist;
  • an leas agus/ nó an ceart a bheadh agat ar aon talamh a bhfuil sé beartaithe a cheannach go héigeantach agus ar aon chearta slí príobháideacha a bheadh sé beartaithe a cheannach/a chur ar ceal agus ceada pleanála chun talamh beartaithe a fhorbairt a aisghairm nó a athrú (an “Mhaoin”) (mar shampla úinéir, úinéir ainm, áititheoir, áititheoir ainm srl);
  • mionsonraí ar an talamh agus nó/cearta atá beartaithe a cheannach go héigeantach lena n-áirítear ionad spásúil agus uimhir fóilió (nuair is infheidhme);
  • nuair is infheidhme, sonraí maidir le haon léas nó aon leas eile sa mhaoin;
  • faisnéis a bhaineann le do mheabhairshláinte nó do shláinte fhisiceach nó aon duine de do mhuintir, sa chás go dtugann tú an fhaisnéis sin dúinn ar do chonlán féin agus a mhéid faisnéise a thugann tú dúinn ar do chonlán féin;
  • faisnéis a bhaineann le do chúinsí airgid; agus
  • aon sonraí pearsanta a bhaineann leat a chuireann tú ar fáil dúinn nó a ghinimid ort i ndáil leis an N6CGRR.

 

Cuspóirí agus Bonn Dlí le Sonraí a Phróiseáil

Bainfimid leas as sonraí pearsanta a bhaineann leat chun críocha:

  • sceidil a ghabhann le Scéim Mhótarbhealach N6 Chathair na Gaillimhe 2018 agus Scéim Bhóthar Cosanta Chathair an Gaillimhe 2018 a chur i dtoll a chéile;
  • bunachar sonraí d’úinéirí maoine, tionóntachtaí, mionsonraí maoine agus comhfhreagras le húinéirí agus/nó tionóntaí a chruthú;
  • ceannach éigeantach na Maoine;
  • comhfhreagras leat maidir leis an Mhaoin;
  • nuair is infheidhme, íocaíochtaí a ríomh agus a dhéanamh maidir leis an Mhaoin;
  • éilimh dlí a bhunú, a fheidhmiú nó a chosaint; agus
  • ár gcuid feidhmeanna mar údarás poiblí a chomhlíonadh agus ár gcuid oibleagáidí dlí a chomhlíonadh.

Is seo a leanas na bunúis dlí a ndéantar do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil:

    • go bhfuil siad riachtanach d’fhonn ár gcuid feidhmeanna a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail agus d’fhonn an t-údarás oifigiúil atá dílsithe ionainn leis an dlí a fheidhmiú, lena n-áirítear Acht na mBóithre 1993, arna leasú, an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú agus an tAcht Rialtais Áitiúil 2001, arna leasú; agus
    • go bhfuil sin riachtanach d’fhonn oibleagáid dlí a bhaineann linn a chomhlíonadh; agus in imthosca a mbeidh tionchar ag conradh ar Mhaoin, d’fhonn an conradh atá againn leat a fheidhmiú.

Faighteoirí Sonraí

D’fhéadfadh go ndéanfaimis do chuid sonraí pearsanta a nochtadh d’eagraíocht eile i ndáil leis na cuspóirí lena n-áirítear:

  • gníomhaireachtaí reachtúla, nuair a éilítear nó a cheadaítear sin de réir an dlí mar chuid den phróiseas pleanála reachtúil;
  • soláthróirí tagartha maoine seachfhoinsithe
  • tríú páirtithe eile a fhostaímid chun seirbhísí a chur ar fáil dúinn, mar soláthróirí seirbhíse seachfhoinsithe, soláthróirí seirbhíse TE, comhairleoirí agus iniúchóirí gairmiúla;
  • údaráis phoiblí agus comhlachtaí eile mar an Garda Síochána, nuair a éilítear nó a cheadaítear sin de réir an dlí, chun críocha coiriúlacht a chosc, a imscrúdú nó a bhrath; agus
  • daoine den phobal nuair a éilítear orainn faisnéis a chur ar fáil go poiblí faoi dhlí infheidhme nó nuair a chuirimid aighneachtaí nó agóidí a chuirtear ar aghaidh maidir leis N6 GCRR ar fáil le scrúdú ag an bpobal.

Coinneáil

Ní choinneoimid do chuid sonraí pearsanta níos faide ná mar is gá. Coinneoimid do chuid sonraí pearsanta chomh fada agus is gá dúinn chun na gcríoch a gcuirtear síos orthu sa bhFógra seo nó chun na hoibleagáidí atá orainn faoin dlí is infheidhme a chomhlíonadh agus, más ábhartha, chun déileáil le haon éileamh nó díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir muide agus tusa.

An Riachtanas Sonraí a Sholáthar

Níl tú faoi aon oibleagáid dlí do chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil dúinn maidir le ceannach éigeantach beartaithe chun críocha an N6 GCRR.  Tá roinnt faisnéise áfach nach mór duit a chur ar fáil dúinn ionas gur féidir linne na hoibleagáidí atá orainn a chomhlíonadh ar mhaithe leatsa maidir leis an gceannach éigeantach beartaithe - d’ainm, do chuid sonraí teagmhála agus sonraí maidir leis an leas atá agat sa Mhaoin.

Sa chás go bhfuil ceannach éigeantach tarlaithe, tá tú faoi oibleagáid chonartha sonraí áirithe pearsanta a chur ar fail dúinn. Mura gcuirfidh tú na sonraí pearsanta seo ar fáil dúinn, déanfaidh tú do chuid oibleagáidí conartha a shárú agus d’fhéadfadh cearta agus sásaimh dlí a bheith againn i do choinne mar a leagtar amach faoin dlí infheidhme.

Do chearta

Tá na cearta seo a leanas agat, i gcúinsí ar leith agus faoi réir srianta ar leith, maidir le do chuid sonraí pearsanta:

  • an ceart rochtain a fháil ar do chuid sonraí pearsanta;
  • an ceart a iarraidh go ndéanfaí do chuid sonraí pearsanta a cheartú agus/nó a scriosadh (sa chás go bhfuil achomharc socraithe, ní ceadmhach sonraí a scriosadh);
  • an ceart srian a chur ar an úsáid a bhaintear as do chuid sonraí pearsanta;
  • an ceart cur i gcoinne do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil;
  • nuair atá an phróiseáil a dhéanaimid bunaithe ar chonradh, an ceart iarraidh orainn cóip de do chuid sonraí pearsanta a chur ar fáil duitse nó do thríú páirtí i bhformáid struchtúrtha, a úsáidtear go coitianta, inléite ag meaisín.

Más mian leat aon cheann de na cearta a leagtar amach thuas a fheidhmiú, déan teagmháil leis an Oifigeach Cosanta Sonraí ag  dpo@galwaycoco.ie.

Eolas á Nuashonrú

D'fhéadfadh go ndéanfaimis an polasaí a nuashonrú ó am go chéile. Iarraimid ort súil a chaitheamh ar an bpolasaí seo ó am go chéile chun an t-eolas is déanaí a fháil ar ár gcuid cleachtais phríobháideachta atá le fáil ag  www.n6galwaycityringroad.ie.

Gearáin

Sa chás nach bhfuil tú sásta leis an mbealach a bhfuilimid ag úsáid do chuid sonraí pearsanta ná mar a dhéanaimid do chuid ceart a éascú nó mar atáimid ag comhlíonadh ár gcuid oibleagáidí faoin dlí cosanta sonraí is infheidhme, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí trí ríomhphost a sheoladh chuig info@dataprotection.ie.